School: Cill Chiaráin

Location:
Cill Chiaráin, Co. Galway
Teacher:
Nioclás Mac Aoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0009, Page 059

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0009, Page 059

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chiaráin
  2. XML Page 059
  3. XML “Ór agus Airgead”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an tsean-aimsir bhí bean agus (fear ?) ina gcomhnuidhe i mbothán beag, agus ní raibh aon chomhluadhar aca.
    Bhí an bhean an mí stuama agus ní raibh sí i ndon tada a dhéanamh. Bhí an fear ag brionglóid trí oidhche go raibh pota óir i bhfoghlach faoi bhun crainn.
    Dubhairt an fear annsin leis an mbean "Tarraing an doras in do dhiaidh, go dtéighidh muid ar lorg an óir."
    D'imthigh leo annsin agus séard a rinne an bhean an doras a tharraingt léithi ar a druim, mar níor thuig sí céard a dubhairt a fear léithi.
    D'imthigh leo annsin go dtáinig siad go dtí an crann, agus cuala siad cainnt i ngar don chrann.
    Chuaidh an bheirt suas san gcrann agus tháinig triúr gadaidhe chuig an gcrann. D'fhaduigh na gadaidhe teineadh agus is gearr gur thosuigh siad ag toruigheacht an óir.
    Nuair a bhí siad ghá chomhaireadh sgaoil an bhean uatha an chomhladh agus as go bráth leis na gadaidhe.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Bhreathnach
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Coill Sáile, Co. Galway
    Informant
    Éithne Ní Conghaola
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    37