School: Cill Chiaráin
- Location:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Mac Aoidh

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0009, Page 026
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chiaráin
- XML Page 026
- XML “Snáth Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Leis an tsean aimsir bhí rí óg i nÉirinn. Bhí sé i na chomhnaidh i gcaisléan breágh. Ní bhíodh mórán le déanamh ag an rígh óg seo, acht is ag fiadhach is mó a chaitheadh sé a aimsir.
Bhí coill mhór i lár na tíre. Bhí fear bocht i na chomhnaidh i dteach beag ag ceann na coill seo. Bhí sé pósta acht bhí a bhean cáillte agus ní raibh aige sa teach acht aon inghean amháin. Cailín áluinn a bhí innti agus í go cneasta lághach.
D'ob iongantach an sníomhaidh í. Bhíodh sí i gcomhnaidhe i n-a suidhe agus a túirne ós a comhair agus í ag obair ar a dícheall an fhad is bheadh solas an lae ann.
Lá amháin tháinig an rí ag fiadhach go dtí an choill sin i n-a raibh teach an cailín. Do bhí sise ag obair taobh(continues on next page)- Collector
- Máirtín Ó Niadh
- Gender
- Male
- Address
- Coill Sáile, Co. Galway
- Informant
- Bríghid Ní Níadh
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 53
- Address
- Coill Sáile, Co. Galway