School: Cill Chiaráin

Location:
Cill Chiaráin, Co. Galway
Teacher:
Nioclás Mac Aoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0009, Page 002

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0009, Page 002

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chiaráin
  2. XML Page 002
  3. XML “An Gadaí Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sa tsean aimsir, bhí sean-bhean ann agus bhí aon mhac amháin aici. Bhí an mac seo an-leisgeamhail. Aon mhaidin amháin dá raibh sé féin agus a mháthair i n-a suidhe cois teallaigh ag comhrádh. Dúbhairt sé léithe go gcaithfeadh sé dul le céird eicínt. D'fhiafruigh sí dhe cé'n céird a b'fhearr leis. "Níl aon chéird sa domhan a b'fhearr liom ná gadaidheacht" arsan mac.
    "Ó, a mhaicín ó," arsan mháthair, "Níl céird ar bith sa domhan níos measa ná an céird sin."
    Acht ar maidin imbárach rachad chun an tigh-phobail agus fíafróidh mé ar Dhia cé'n céird is fhearr dhuit.
    Bhí go maith chuaigh sí chun an tséipéil agus thosuigh sí ag guidhe chun Dé.
    Nuair a fuair an mac an mháthair imthighthe, chuaidh sé chun an teach-phobail agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Faoileáin
    Gender
    Male
    Address
    Cill Chiaráin, Co. Galway