School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loughaconeera, Co. Galway
Teacher:
Micheál Mac Aodhgáin

Filter stories

Back
/ 394 Forward
Resolution: Low | High
An Gasúr agus A Leasmháthair

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 202

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear ann fadó is ní raibh aige acht aon pháiste ámhain nuair a fuair a bhean bás is phós sé bean eile. Ní raibh an leasmháthair ceanamhail cor ar bit ar an ngasúr is thug sí chuile crátamas dhó is bhí sí ag deanam cuile dhroch rud air. Ní tugadh sí a leath dhóthain lé n'ithe do is cuireadh sí ag fosuigeacht é i bhfad ó bhaile chuile lá is ní tugad sí dinnéar ar bith dhó acht fataí fuara. Lá amháin casadh fear siubhal don bhuachaill is d'íarr sé déirce air is thug an gasúr cuid de na fataí dó. D'imtigh sé leis annsin is is gearr a bhí siubhalta aige nuair a casadh fear eile dhó is d'íarr sé déirce air is thug sé cuid eile

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Bhríain
Gender
female
Informant
Seán Ó Briain
Gender
male
Address
Loughaconeera, Co. Galway
Language
Irish