School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loughaconeera, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin

Filter stories

Back
/ 160 Forward
Resolution: Low | High
An Duine Uasal agus an Páiste

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 127

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí duine uasal ann fadó agus lá amháin a raibh sé amuigh ag siubhal dó féin casadh fear bocht dó agus d'iarr an fear bocht air a theacht go dtí a theach. Chuaidh agus d'ith siad a ndinnéir le chéile agus indhiaidh an dinnéir shuidh siad síosag caint. Bhí páiste ar an urlár ann agus bhí sé ag lámhachán ann agus ag déanaamh spóirt dó féin agus bhí an fear bocht ag breathnughadh air ach sa deireadh labhair sé "Nach iomadh rud a bhíos le déanamh ag an bpáiste féin" adeir an fear bocht. "Muise céard a bhíos le déanamh aige" adeir an duine uasal. "Cuirfeadh mé geall leat nach ndéanfadh tusa chuile rud a dheanfas sé" adeir an fear bocht. "Cuirfeadh mé leat" adeir an duine uasal. "Céard a chuirfeas tú" adeir an fear bocht.

(continues on next page)
Collector
Aíne Ní Bhrian
Gender
female
Address
Loughaconeera, Co. Galway
Informant
Peadar Ó Brian
Gender
male
Address
Loughaconeera, Co. Galway
Language
Irish