School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loch Conaortha, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 114

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 114

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Page 114
  3. XML “Scéal an Rí a Bhí ina Chorr Bhán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Uair amháin bhí Rí ann agus bhí sé an-saidhbhir. Lá amháin tháinic fear chuig an doras chuige agus bhí go leor rudaí ar iomcur aige i gciosán. I dtaobh an ciseán chonaic an Rí páipéar a raibh rud éicínt ann. D'fhiafruigh sé den fhear céard a bhí ins an bpáípéar. Dúbhairt an fear gur púdar agus go bhféadfá crot ainmhí ar bith a chur ort féin le cuid den phúdar sin a chur in do shrón agus umhlúghadh fá thrí agus Mutabor a rádh. Cheannuigh an Rí an púdar ansin agus lá ar na mhárach chuaidh sé féin agus ard shearbhóint a bhí aige amach faoin gcoill ag siubhal agus thugadar leo an bosga púdar.Ní raibh i bhfad siúbhalta aca nuair a chonaiceadar dhá ........ bán in aice locha. Dúbhairt an Rí leis an bhfear eile go ndéanfaidís dhá ....... díobh féin agus go mbeadh fhios aca céard a bheadh an dá ....eile seo a rádh. Rinneadar na ..... díobh féin ansin agus bhíodar dá marbhadh féin ag gáire faoin gcrot deas a bhí orra. Ansin nuair a bhíodar tuirseach ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Colm Sóige
    Gender
    Male
    Informant
    Bríghidh Soíge
    Gender
    Female
    Address
    Loch Conaortha, Co. Galway