School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)slat sin maide láimhe do Dhonn Mhac nuair a bheadh sé bliain is fiche d'aois.
Nuair a bhí Donn Mhac bliain is fiche d'aois bhí an maide ceart dó le haghaidh a thabhairt leis in aon áit. Lá amhain dúbhairt Donn Mac go raibh sé in am aige féin a ghabháil ag saothruigheadh a bheatha dó féin agus d'imthigh sé leis lá ar na mhárach. Ní raibh i bhfad siubhalta aige nuair a shuidh sé síos le a dhinnéar a chaitheamh. Nuair a bhí a dhinnéar thart aige shluig an talamh síos é. Tháinic sé isteach i dteach breágh agus ba ghearr a bhí sé istigh nuair a tháinic cailleach chuig an doras. "Tar isteach" arsa Donn Mhac. "Ceangail an cú agus an seabhac atá agat" adeir sé agus chaith sé ribe as a ghruaig chuige. Cheangail sé an cú is an seabhac leis an ribe agus ansin tháinic an cailleach isteach agus rinne sí cloch ghlas do Dhonn Mhac.
Bhí Donn Mhac tamall maith imthighthe nuair a dúbhairt Dunn Mhac go rachadh sé féin ar a thuairisg.
Ghléas sé é féin go moch ar maidin(continues on next page)- Collector
- Colm Seoighe
- Gender
- Male