School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loughaconeera, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin

Filter stories

Back
/ 160 Forward
Resolution: Low | High
An Fear Bocht agus an Breac

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 110

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear ann uair amháin agus is é an tslighe bheatha a bhí aige ag iascaireacht. Lá amhain bhí an fear seo ag iasgach agus níor mharbhuigh sé ach breac amháin. Nuair a bhí an breac tamall marbhuigh aige d'iarr an breac air é a ligean amach. Dúbhairt an breac leis nach leigeach. "Ó," arsa an breac "leig amach mé agus beidh lán an bháíd d'iasg agat". Leig an fear an breac amach ansin agus ar an bpoinnte bhí lán an bháid d'iasg aige idir beag is mór.
Ba ghearr ansin go dtáinic an breac a mharbhuigh sé roimhe sin agus breac in a bhéal aige.
"Tabhair abhaile an breac seo chuig do mhnaoi agus abair le cailín an tighe é a bhruith di agus faoi cheann lá is bliain beidh beirt mhac aice."
Thug an fear an breac abhaile agus bhruith sé é mhnaoi agus faoi cheann lá is bliain bhí beirt mhac aice. Sé an t-ainm a bhí ar an mbeirt mhac seo Donn Mhac agus Dunn Mac.
Lá amháin chuir a athair maide sa talamhagus dúbhairt sé go ndéanfadh an

(continues on next page)
Collector
Colm Seoighe
Gender
male
Language
Irish