School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)'na dtreo.
"Téirigh tusa amach ag snámh inniu" arsa an cat "agus fuagróchadh mise ar an Rí go bhfuil tusa go do bháthadh."
D'fhuagair an cat ar an Rí agus tháinic sé chuca ar an bpoinnte.
Thóig sé an fear agus thug sé leis é abhaile gur chuir sé éadach tirm air agus thug sé capall dó le gabháil amach in éindigh leis féin ag tógáil aer.
Chuala an cat faoi seo agus d'imthigh sé an bealach ar cheap sé a ngabhfadh an Rí agus a mháighistir.
Casadh daoine leis ar a bhealach a' baint coirce agus dubhairt sé leo "Is gearr go dtéighe an Rí thart anseo agus fiafróchadh sé díbh cé leis an coirce sin. Abair sibhse gur le tighearna Mac Carabas nó mar a n-abróchadh gearrfadh sé suas sibh ar nós mar a ghearrfaidh feoil.
D'imthigh an cat leis ansin nó go dtáinic sé go garraidhe eile. Dubhairt sé an rud céanna le muintir an gharraidhe sin mar dubhairt sé le muintir an gharraidhe eile agus d'imthigh sé leis píosa.
Ba ghearr ansin nó go dtáinic an Rí(continues on next page)- Collector
- Colm Seoighe
- Gender
- Male
- Address
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Informant
- Micheal Ó Brian
- Gender
- Male
- Address
- Loch Conaortha, Co. Galway