School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loughaconeera, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin

Filter stories

Back
/ 160 Forward
Resolution: Low | High
Seáinín agus an Giosadán Pónaire

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 101

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí baintreabhach ann uair amháin agus bhí sí an-bhocht. Bhí aon mhac amháin aice. Lá amháin dubhairt an mac go n-imtheoch sé leis ag saothrú airgid dó féin agus dá mháthair.
Lá ar an bhárach ghléás sé é féin agus bhí sé ag siubhal nó go raibh sé ina thráthnóna. Ansin tháinig sé go dtí pálás mór. Bhuail sé ar dhoras an pháláis agus hosgluigheadh dó.
Ní raibh istigh sa bpálás ach aon bhean amháin.
"An dtiubharfá lóistín na hoídhche dom" ars an fear. "Tiubhrfa" ar sise "ach ith do shuipéar go beo mar is fathach atá pósta agam agus tá sé ag feadhach annis agus má fhaigheann sé istigh tú iosfa sé tú".
"Cuirfeadh mé isteach sa gcómhra coirce tú más mian leat". "Ó is mian" ar seisean "áit ar bith a gcaithfinn an oídhche".
Ní raibh sé i bhfad sa gcófra nuair a tháinig an fathach isteach.
Nuair a bhí sé sgathamh istigh dubhairt

(continues on next page)
Collector
Colm Seoige
Gender
male
Address
Loughaconeera, Co. Galway
Informant
Seán Seoige
Gender
male
Address
Loughaconeera, Co. Galway
Language
Irish