School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- XML Page 099
- XML “Mac an Cheannaí Mála a Rugadh ar an Rása”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i teach eile. Bhí cú ag an fear a bhíodh ag tabhairt aire don gheata. Léim mac an cheannaí mála isteach thar an geata agus mharbh sé an cú. Nuair a chuala an rí ag teacht é tháinig sé féin amach agus d'fhiafruigh sé de céard a bhí air. D'inis mac an cheannaí dó. "Is mac ceannaí tú" ars an rí "ach siubhal leat abhaile in éindigh liomsa". "Ní shiubhal" ars mac an cheannaí mála. "Caithfidh tú cú d'fhágháil domsa" ars fear an chú. "Tabhair beatha an chú domsa" arsa mac an cheannaí mála agus tiubhradh mé aire don gheata". Thug an fear beatha na chú dó agus d'fhan sé in éindigh leis. Lá amhain chuaidh .....an fhir ag rith ag fia. chuaidh mac an cheannaí mála in éindigh leo. Lean mac an cheannaí mala an fia agus d'fhág sé na cuaidthe eile ina dhiaidh. Lean sé agus lean sé an fia.Sa deireadh rith an fia isteach i loch.Léim mac an cheannaí mála ina dhiaidh. Lean sé í san snámh. Sa deireadh chuaigh an fia(continues on next page)
- Collector
- Siobhán Ní Confhaoile
- Gender
- Female
- Informant
- Padraic Ó Confhaoile
- Gender
- Male
- Address
- Loch Conaortha, Co. Galway