School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loch Conaortha, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 092

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 092

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Page 092
  3. XML “Scéal - Tomas agus Pádhraic”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí dearbhráthair bocht agus dearbhráthair saibhir ann fadó agus bhí siad an-mhór in aghaidh a chéile. Bhí dhá sean-bhean san dá theach. Cailleadh an tsean-bhean bhí i dteach an dearbhráthair bocht. Thug sé leis ansin í le í tabhairt an na cille. Chuir sé dhá mhaide san carr éindigh léithe. D'imthigh leis ansin go dtáinig sé go dtí teach ósta. Chuaidh sé isteach san teach ósta. Nuair a tháinig sé amach agus dóthain ólta aige, thug sé an tsean bhean amach as an carr agus chuir sé í 'na seasamh le taobh tobar agus an dá mhaide faoi na lár. Nuair a bhí an méid sin déanta aige chuaigh sé isteach agus dubhairt le cailín an tighe dul amach agus rádh leis an tsean-bhean teacht isteach. D'inis sé di cá raibh sí. Dubhairt sé go raibh sí bodhar ach í craithe agus go cloisfeadh sí thú. Chuaidh an cailín amach agus chraith sí an tsean bhean. Thuit sí síos san tobar. Rith an cailín isteach agus dubhairt sí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Confhaoile
    Gender
    Female
    Informant
    Pádhraich Ó Confhaoile
    Gender
    Male
    Address
    Loch Conaortha, Co. Galway