School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loughaconeera, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin

Filter stories

Back
/ 160 Forward
Resolution: Low | High
Scéal faoi Úna agus Colm

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 089

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear agus bean ann fadó agus sé an t-ainm a bhí ortha Colm agus Úna. Bhíodh an bhean an chruadhógach i gcomhnuidhe ag sníomh olann agus bhíodh Colm ag obair ar ghabháltas. Bhíodh ar Úna chuile shórt rud a dhéanamh istigh sa teach. Bhíodh uirthi na ba a bhleághan, nigheachan a dhéanamh. Tráthnóna amháin bhí an droch mhisneach ar Úna. mar gheall ar an méid olann a bhí le sníomh aice. Ní raibh sí i bhfad mar sin nuair a tháinig fear isteach. Chuir Úna céad míle fáilte roimhe. "Tás agam" adeir an fear "go bhuil tú an chruadhógach ach má thugann tú an méid olann atá agat domsa béarfadh mé ar ais aríst chugat é tráthnóna amárach ach cuirfeadh mé ort rud amháin a dhéanamh má chuimhnuigheann tú ar m'ainm. Béarfadh mé do chuid olann ar ais chugat ach mar gcuimhnuigheann tú caithfeadh tú féin teacht in éindigh liom. Agus sé an t-ainm atá orm...................

(continues on next page)
Collector
Siobhán Ní Confhaola
Gender
female
Informant
Pádhraic Ó Confhaoile
Gender
male
Language
Irish