School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- XML Page 087
- XML “An Buachaill Beag agus A Leasmháthair agus an Sionnach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mise leat gan é a thabhairt as an gcrios nó go ndéanfá torann".
"Ó muise ní raibh neart agam air" arsa an buachaill.
Ansin rinne an mada ruadh capall de féin. Chuaidh an buachaill ag marcuigheacht air. Bhí an capall ag caitheamh gach tobán de throslóg agus gach cnoc de rithte raith nó gur shroicheadar Pálás Ó Conchubhair sa domhan thoir.
Nuair a thángadar in aice an tighe dubhairt an mada ruadh leis an mbuachaill "Nuair a gabhfas tusa isteach fiafróchadh Ó Conchubhair díot cén cheird atá agat. Abair thusa gur ag deasú capall. Ansin tiubhrfa sé amach sa stála thú san áit a bhfuil go leor caiple tinne. Seo dhuit buidéal anois agus nuair a chuimleochas tú braon den uisge seo de na caiple beidh siad chomh maith le aon cheann eile sa teach go dtí fiú Giorráinín Phleibistín Órdha." Ansin thóig an buachaill an buidéal agus cheangail sé an capall ruadh den bhalla taobh amuigh agus chuaidh sé féin isteach. Nuair a bhí sé istigh d'fhiafruigh Ó Conchubhair de cén saghas oibre a bhí uaidh. Dubhair seisean gur ag deasú(continues on next page)- Collector
- Colm Seoighe
- Gender
- Male