School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- XML Page 086
- XML “An Buachaill Beag agus A Leasmháthair agus an Sionnach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé in oidhche.
"Tá go maith" arsa na cailleacha. Cuirfidh muid isteach in do sheomra féin é. Ansin bhí an fear ag deasú airm go raibh sé in oidhche.
Nuair a fuair sé na cailleacha na gcodhladh chroch sé leis an claimhe agus bhí an áit a raibh sé an-dorcha agus ní raibh sé indhon a bhealach a dhéanamh sa dorchadas. Thóig sé aníos cuid den chlaimh as an gcrios agus ar an bpoinnte sin rinne sé an oiread torainn is nár fhág sé searrach i gcapall ná laoigh i mbó. Dhúisigh na cailleacha de gheit, leanadar an buachaill agus bhaineadar an claimhe de.
Ansin dubhairt siad "tiubhrfa muid duit an claimhe má thugann tú Giorráinín Phleibistín óir atá ag Ó Conchubhair sa domhan thoir dúinn".
"Tá go maith" arsa an buachaill "caithfidh mé cur suas leis".
D'imthigh sé amach ansin agus thug a aghaidh ar an domhan thoir.
Ba ghearr a bhí siubhalta aige nó gur casadh an mada ruadh aríst leis.
"Anois" arsa an mada ruadh "nár dhubhairt(continues on next page)- Collector
- Colm Seoighe
- Gender
- Male