School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- XML Page 083
- XML “An Buachaill Beag agus A Leasmháthair agus an Sionnach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)na n-éan dhe cén saghas oibre bhí uaidh dubhairt seisean gur ag deasú éanlaith.
"Is maith mar tharla" arsa fear an tighe. Chuaidh sé suas ansin go dtí seomra a bhí sa teach agus thug sé anuas an t-éan ba ghráinne dá raibh sa teach. Chuimil an buachaill cuid den ruda bhí sa mbuidéal den éan agus ar an bpoinnte sin bhí sé chomh breágh le aon n-éan dá raibh sa teach go dtí fiú an t-éan órdha.
"Tá do cheird agat" arsa an fear. Ansin leag sé ..... an t-éan agus thug sé anuas éan an tsoluis. "Ó" arsa an fear "tá an iomarca soluis ar an n-éan sin nó go mbeidh sé in oidhche.
Ansin bhí sé ag deasú éanlaith nó go raibh chuile dhuine ina gcodhladh. Ansin chuaidh an fear go dtí an áit a raibh an t-éan órdha. Ní raibh aon solus aige agus ní raibh sé indhon a bhealach a dhéanamh. "Ó a Dhia is do Chríostaí" ar seisean "is gan aon solus agam is solus ar iomchur agam". Ansin tharraing sé aníos ceann de chleite an n-éan as an gciseán. Ansin rinne sé an oiread torann is gur dhúisigh sé fear an tighe. Ansin d'éirigh a raibh sa teach. Rugadar ar an bhfear agus cheangaileadar go(continues on next page)- Collector
- Colm Seoighe
- Gender
- Male