School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loch Conaortha, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 082

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 082

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Page 082
  3. XML “An Buachaill Beag agus A Leasmháthair agus an Sionnach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ní raibh barr cleite amach ná bun cleite isteach san mbothán sin ach aon chleite péacóige amháin bhí ag déanamh díon dhó.
    Chuadar isteach ansin mar chuadar san bhothán roimh sin. Ní raibh dé ná deatach ann ach aon aithine amháin bhí ag coinneáil na teine.
    Ansin leag an mada ruadh béile breágh beatha anuas agus d'itheadar agus d'óladar a ndóthain. Ansin nuair a bhíodar sáthach chuadar i chodhladh.
    Níor túisge bhí an lá ann ná bhí an mada ruadh ina shuidhe agus a bhéile réidh aige. D'éirigh an fear eile ansin agus nuair a bhíodar réidh bhuaileadar bóthar.
    Ní raibh i bhfad siubhalta aca nuair a thángadar go dtí geata caisleán mór. "Anois" arsa an mada ruadh "nuair a ghabhfas tú isteach fiafróchaidh máighistir an chaisleáin díot cén saghas oibre atá uait. Abair thusa gur ag deasúghadh éanlaith. Ansin tiubhrfha sé anuas an t-éan is gráinne a bheas sa teach seo dhuit buidéal annios agus nuair a chuimleochas tú cuid den stuff sin dhe beidh sé chomh deas le aon n-éan sa teach.
    Nuair a chuaigh sé isteach d'fhiafruigh fear
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0531: Ferdinand the True and Ferdinand the False
    Language
    Irish
    Collector
    Colm Seoighe
    Gender
    Male