School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loch Conaortha, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 080

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 080

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Page 080
  3. XML “An Buachaill Beag agus A Leasmháthair agus an Sionnach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Níl aon neart air" arsa an buachaill, "caithfidh mé cur suas leis".
    D'imthigh sé leis ansin agus ba ghearr a bhí siubhalta aige nuair a casadh áit bhog leis agus bhí mada ruadh in a luighe ar chnocán ansin. Dubhairt an mada ruadh leis a bhróga a bhaint de agus go n-iompródh sé féin dhó iad.
    Bhain sé de na bróga agus d'iompair an mada ruadh dhó iad. Ní raibh i bhfad siubhalta aca nuair tháinic siad ar mhullach cnuic. Faoi bhun an chnuic sin bhí bothán beag. Chuaidh an mada agus an gasúr isteach. Ní raibh teine ná teas ann ach aon aithine amháinansin. Leag an mada ruadh béile breágh biadh anuas. Nuair a bhí an bheirt sáthach shuidheadar ag an teine.
    Nuair a tháinic an oidhche chuadar a chodhladh. Níor thúisge d'éirigh an lá ná d'éirigh an mada ruadh. Nuair a bhí a mbricfeasta caite aca beirt chuadar ag siubhal aríst. Ba ghearr aríst gur casadh in áit bhog iad mar an lá roimhe sin.
    Dubhairt an mada ruadh leis an mbuachaill a bhróga bhaint de agus rinne an buachaill mar dúradh leis. Ansin chroach an mada ruadh in a bhéal iad.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0531: Ferdinand the True and Ferdinand the False
    Language
    Irish
    Collector
    Colm Seoighe
    Gender
    Male