School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loughaconeera, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin

Filter stories

Back
/ 160 Forward
Resolution: Low | High
An Buachaill Beag agus A Leasmháthair agus an Sionnach

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 079

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí Rí in Éirinn fadó agus ní raibh sé i bhfad pósta nuair a fuair a mhnaoi bás agus bhí seisear páistibh fágtha ina diaidh aice.
Ba ghearr aríst gur phós an Rí agus bhí an leas mháthair an-lághach leis na páistí. Bhídís ag bualadh báire go minic.
Lá amháin bhí an leas mháthair agus na páistí ag bualadh liathróid binne.
Ba ghearr go ndeacha éan órdha thart. Chaith an mac ba shine maide leis an n-éan agus bhain sé cleite as a sgiatháin. Nuair a thóg sé an cleite agus bhí solus ag teacht as chomh soilseach leis an ngrian. Thug sé isteach an cleite ag a leas mháthair. Nuair a chonaic sí an cleite d'fhiafruigh sí de cé bhfuair sé an cleite agus dubhairt sé gur éan a chuaidh thart agus gur chaith sé a mhaide léíthe agus gur bhain sé an cleite sin aiste.
Ansin dubhairt an leas mháthair "Cuirim faoi gheasa thú gan an dara oidhche codladh ar do leabaidh gan an dara béile ithe gan mhéis nó go dtugadh tú an t-éan sin chugam".

(continues on next page)
Collector
Colm Seoighe
Gender
male
Language
Irish