School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loch Conaortha, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 073

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 073

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Page 073
  3. XML “Scéal faoi Bheirt Seanfhear a Bhí ann Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí beirt seanfhear ann fadó agus bhíodar an-bhocht.
    Lá amháin chuaidh duine aca ag glanadh an sgioból agus fuair sé giní bhuidhe ar urlár an sgiobóil. Thug sé isteach é agus chuaidh sé ag iarraidh mála plúir.
    Nuair a thainic sé abhaile dubhairt sé leis an seanfhear eile "cuir síos cáca" ar seisean. "Ní chuirfidh mé" ar seisean. "Cuirfidh mé féin síos mar sin é" ar seisean. Chuir sé síos an cáca.
    Nuair a bhí sé in am é ionntú "Cé ionntós an cáca" ar seisean. "Ní ionntóidh mise é" arsa an seanfhear eile.
    "Ionntóidh mé fein é" arsa na seanfhear eile agus b'éigean dhó féin é a ionntú.
    Nuair a bhí sé in am é thógail dubhairt an seanfhear "cé tógfhas an cáca". "Ní thógfaidh mise é" arsa an seanfhear eile agus b'éigean dhó fein é thógáil.
    Nuair a bhí an cáca leagtha ar an mbord léim sé anuas agus amach an doras. Ba ghearr a chuaidh sé nó gur
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT2025: The Fleeing Pancake
    Language
    Irish
    Collector
    Colm Seoige
    Gender
    Male