School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loughaconeera, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin

Filter stories

Back
/ 160 Forward
Resolution: Low | High
Searrach i ndiaidh Gearráin

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 070

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear ann fadó agus bhí láir agus searrach aige. Bhí fear eile ann a raibh gearrán aige.
Bhí an searrach ag leanamhaint an ghearráin i gcomhnuidhe is ní ghabhfadh sé i n-éindigh leis an láir chor ar bith.
Faoi dheireadh thosuigh fear an ghearráin ag iarraidh an tsearraigh dhó fein is ní thiubhradh fear an láir dó é. Ansin thosuigheadar ag dlighe le chéile. Bá é Hearísteatail máighistir an dlighe agus sé an margadh a rinne sé , na lair agus an gearrán agus an searrach isteach i stábla agus an dá doras osgailt an láir tabhairt i ndoras aca agus an gearrán a thabhairt amach sa doras eile, agus cebé aca a leanfadh an searrach ba leis é. Rinneadh amhlaidh agus tugadh an láir agus an gearrán amach agus lean an searrach an gearrán.
Ansin tagadh searrach i ndiaidh gearrán ar an sgéal a cumadh faoi.
Bhí fear na láireach oibrighthe

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Bhriain
Gender
female
Address
Loughaconeera, Co. Galway
Informant
Seán Ó Briain
Gender
male
Address
Loughaconeera, Co. Galway
Language
Irish