School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loughaconeera, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin

Filter stories

Back
/ 160 Forward
Resolution: Low | High
Ciste Óir

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 058

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear ann fadó darbh ainm Seán Ó Conghaile. Bhí sé bocht is uair amháin is uair amháin ní raibh aon bhlas le n-ithe aige is d'imthigh sé leis go Sasana. Bhí sé ag siubhal go dtáinic sé go dtí droichead, ar a dtugtar Droichead an Ádh. Bhí fear ina sheasamh ag an droichead is d'fhiafruigh sé de Sheán céard bhí thoruigheacht. Dubhairt sé gur airgead. "Ó" adeir an fear le Seán "dá mbeadh fhios agat go bhfuil áit i nÉirinn a bhfuil ciste óir i bhfolach. "Cén áit" adeir Seán. "I ngarraidhe Sheáin Ó Conghaile" dubhairt an fear. Nuair a chuala Seán é sin d'imthigh sé abhaile go dtáinic sé go dtí an garraidhe is fuair sé an t-ór gan aon stróbh, is bhí leac ór os cionn an phota a raibh sé. Bhí sgríobhnóireacht ar an lic ach ní raibh \seán indon é léigheamh.
D'éirigh Seán saidhbhir ansin ach ní raibh sé i bhfad go raibh an t-ór caite is bhí sé chomh dona is bhí sé ariamh.
Lá amháin tháinic scoláire bocht thart is thug Seán a bhéilidhe dhó. Nuair a bhí sé ite aige thug Seán an leac go dtí é. Léigh an scoláire an rud a bhí sgríobhtha uirthi. Sé an ciall bhí leis na rud céadhna

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Bhríain
Gender
female
Informant
Seán Ó Bríain
Gender
male
Language
Irish