School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loughaconeera, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin

Filter stories

Back
/ 160 Forward
Resolution: Low | High
Peigí agus na Triúr Fear

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 054

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí bean ann fadó is sé an t-ainm [a] bhí uirthi [ná] Peigí. Bhí Peigí mór le triúr fear, fíghdeoir (fíodóir), táilliúir agus talamhaidhe. Bhíodh an triúr acu ag teacht ag breathnughaidh (breathnú) uirthi chuile Dhomhnach tar éis an Aifrinn, is bhíodh sí tré na céile acu ag réidhteach taé dhóibh. Lá amháin dubhairt sí go mbeadh fhios aici cén sórt teach a bhí ag an triúr. Chuir sí éadach ann dona uirthi féin is ghléas sí í féin ar nós tinncéir. Chuaigh sí go dtí teach an fhíodóra is d'iarr sí déirce. "Níl aon déirce agam ach tabharfaidh mé fuagaibh dhuit le do chuid éadaigh a fhuagháil [fhúáil] adeir an fíodóir.

Chuaigh sí go dtí teach an táilliúra is d'iarr sí déirce. "Níl aon déirce agam " adeir an táilliúir ach tabharfaidh mé píosaí dhuit le cur ar d'éadaigh.
Chuaigh sí go dtí teach an talamhaidhe agus d'iarr sí déirce. Bhí máthair an talamhaidhe ag gearradh sgiotán [sciotán] is bhí go leor le gearradh aici is d'iarr sí ar Pheigí fanacht in éineacht léi féin go ceann seachtaine ag gearradh na sciotán, is go dtabharfadh sí a sáighe[?] [?] a bheathú. D'fhan Peigí is bhíodh ann saoghal aici in éineacht le máthair an talamhaidhe

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Bhríain
Gender
female
Address
Loughaconeera, Co. Galway
Language
Irish