School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loch Conaortha, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 054

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 054

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Page 054
  3. XML “Peigí agus na Triúr Fear”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann fadó is sé an t-ainm bhí uirthi Peigí. Bhí Peigí mór le triúr fear, fíghdeoir, táilliúir agus talamhaidhe. Bhíodh an triúr aca ag teacht ag breathnughaidh uirthi chuile Dhomhnach tar éis an Aifrinn, is bhíodh sí tré na céile aca ag réidhteach taé dhóibh. Lá amháin dubhairt sí go mbeadh fhios aici cén sórt teach a bhí ag an triúr. Chuir sí éadach ann dona uirthi féin is ghléas sí í féin ar nós tinncéir. Chuaidh sí go dtí teach an fhídhdeóra is d'iarr sí déirce. "Níl aon déirce agam ach tuibharfadh mé fuagaibh dhuit le do chuid éadaigh a fhuagháil adeir an fíghdhóir.
    Chuaidh sí go dtí teach an táilliúra is d'iarr sí déirce. "Níl aon déirce agam " adeir an táilliúir acht tuibharfa mé píosaí dhuit le cur ar d'éadaigh.
    Chuaigh sí go dtí teach an talamhaidhe agus d'iarr sí déirce. Bhí máthair an talamhaidhe ag gearradh sgiotán is bhí go leor le gearradh aici is d'iarr sí ar Pheigí fanacht in éindigh léi féin go ceann seachtmaine ag gearradh na sciotán, is go dtiubharfadh sí a páighe de ag a bheathú. D'fhan Peigí is bhíodh ann saoghal aici n'éindigh lé máthair an talamhaidhe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Bhríain
    Gender
    Female
    Address
    Loch Conaortha, Co. Galway