School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní ar an amadán bhí an mhoill, rug sé ar an laidhe is mharbhuigh sé an duine uasal. Thugadar an fear leo ansin is chuir siad i bportach é. Bhí fhios ag an máthair go innseochadh Manus chuile shórt is d'athruigh sí arís is chuir sí pocaide gabhair in áit.
Is gearr go dtáinic tór ar an duine uasal is d'innis Mánus gur mharbhuigh sé féin é is chuir a mháthair i bpoll é.
Chuaidh na gardaí is Mánus go dtí an poll a raibh an duine uasal curtha. Dubhairt na gardaí le Mánus dul isteach agus an duine uasal a tharraingt amach.
Chuaidh Mánus isteach is tharraing sé amach an gabhar. "Seo anois díbh é is feicim gur fhás péire adharc ar an diabhal ó chuir mé ansin é.
D'imthigh na gardaí ansin mar bhí fhios aca gur amadán a bhí in Mánus.- Collector
- Máire Ní Bhríain
- Gender
- Female