School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí baintreabhach ann fadó agus bhí aon mhac amháin aici darbh ainm Mánus. Bhí Mánus ina leath-amadán agus níor cuireadh ar an scoil é go raibh sé ina bhuachaill óg. An lá ar cuireadh ag an sgoil é bhí carr ag dul thart agus málaí airgid air le haghaidh lucht bóithre a íoc is thuit ceann aca de. Tráthúil go leor casadh go Mánus é is thug sé abhaile go dtí na mháthair é.
Chuir sé féin agus a mháthair i bpoll talmhan an t-airgead, ach bhí fhios ag an máthair go raibh Mánus cabach is d'athraigh sí arís é is chuir sí sliogáin ina áit.
Is gearr go dtáinic toruigheacht ar an airgead agus d'innis Mánus go bhfuair sé féin é is gur chuir sé féin agus a mháthair i bhfolach é. Chuaidh an t-amadán agus an duine uasal go dtí an áit a raibh an t-airgead i bhfolach ach ní bhfuair siad ach sliogáin. Bhí baramhail ag an bhfear gur ag máthair Mhánuis a bhí an t-airgead is d'fhan sé sa teach san oidhce, mar shúil go bhfuigheadh sé an t-airgead. Nuair a tháinic an oidhce dubhairt a mháthair le Mánus an fear a bhualadh leis an laidhe agus é mharbhughadh(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Bhríain
- Gender
- Female