School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dóigteacaibh air.
Is beagan maith an saoghal móir ó dhúnfas do bhéal agus ó stopfas do theanga.
Is mairg a dith luach an tsoluis.
Is minic a bhris teanga duine a shrón.
Sáruigh an fhoighid an cinneamhaint.
Cén an maith an bhó ó dóirteas sí an bainne.
Níl sa saoghal ach ceo ní mhaireann an sógh ach seal.
Is fearr beag deas ná mórán gránna.
Is fearr beagán de rud maith ná mórán de dhroch-rud.
Meileann muilte Dé go mall ach meileann siad go h-ionghantach mín.
An muileann a bhíos ag síor meilt meileann sí mín is garbh.
Is fearr glas ná aimhreas.
Is fearr an troid ná an t-uaigneas.
As a ceann a bligheas duine an bhó.
An té atá thíos buailtear cois air an té atá thuas óltar deoch air.
Éist le fuaim na habhann agus gheobhfar breac.
Chuile shórt ag luighe ar an lagar caithfidh an lagar luighe ar an talamh.
Rud is ana is ionghantach.
Sean tsoitheach slán an soitheach is mó lán ar bith.(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó Máille
- Gender
- Male