School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cén fáth nach siubhlann an car ar bharr an chlaidhe.
Ní féidir leis siubhal faoi.
Céard a shiubhlann agus a cheann faoi.
Táirne bróige.
Mo Dhaide bocht bocht agus a mhaide faoina ucht agus é ag sileadh na ndeor chuile lá fliuch.
Bonn......
Chuaidh mé ag fiadhach agus mharbhuigh mé cupla den tréad nach gcomhartar. Bhruith mé iad le fíor agus le bréag agus le adhmad an chlaidhe réidhte.
Cúpla coinín.
Gad a bhí i bpota agam, rotha a bhí i ngad agam, thuit an pota uaim agus d'fhan an gad agam.
Pota ar bhris an lúb ann.
Tá teaichín beag thair ansin, thuillfeadh na céadta ann is ní thuillfeadh leath mo chuid éadaigh ann.
Púthrín Siongán.
Tá garraidhe beag thiar ansin, díosfadh sé a dtiocfadh agus a dtáinic is ní thiubhradh sé oiread an gráinne.
Reilg.
Saighdiúirín dearg i mbarr an chrainn, cloch ar a bholg agus maide ar a dhruim.
Sgiochóire.
Donnchada dubh ar an drisiúr, Buidéal dubh, Stoca dubh dorcha i ndoras gach aon tighe.
Carnán aoiligh.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Bhriain
- Gender
- Female
- Address
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Bhriain
- Gender
- Male
- Address
- Loch Conaortha, Co. Galway