School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loch Conaortha, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 037

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 037

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Page 037
  3. XML “Tomhasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fear caol dubh 'na sheasamh ar mhullach an chnuic, is gach a bhfuil de photógaibh ina chorp ar creathadh leis an olc.
    Freagra: Gunna.
    Tháinic ceithre chosa isteach, chuaidh cúig chosa amach, chaith dhá chois trí chois ag iarraidh an chois a chuaidh amach a thabhairt isteach.
    Freagra: Caora a mharbhuigh fear an tighe is sgiob an gadhar ceann dá chuid cosa is chaith fear an tighe stól trí cosa leis an ngadhar ag iarraidh cois na cois na caorach a bhaint de.
    Gilín ó Gil thar farraige anoir fear innsint mo sgéil gan féith ná fuil.
    Freagra: Litir.
    Sheas mé amach i ndoras mo Dhaideó agus chonaic mé an rud marbh ag iomchur an fhir bheo.
    Freagra: Bás.
    Ceathrar cloinne a chuaidh ag baint slat an tslat a bhaineadar, chaitheadar uathu é agus an tslat nár bhaineadar thugadar leo é.
    Freagra: Ceithre ghé.
    Chuaidh mé ins coille ag iarraidh carr aghmuid, thug mé abhaile craol cairr de agus ní raibh orlach de cam nó díreach. Minn ságha.
    Mult iarainn agus ruball olann as.
    Freagra: Snáthad Mór.
    Each caol dubh agus a haghaidh sa sruth
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Bhriain
    Gender
    Female
    Address
    Loch Conaortha, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Bhriain
    Gender
    Male
    Address
    Loch Conaortha, Co. Galway