School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loughaconeera, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin

Filter stories

Back
/ 160 Forward
Resolution: Low | High
Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 031

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

Ansin d'osgail an t-athair an cófra, bhí béal na seanmhná oscailte. Sháith sé cnámh siar ann agus thacht sé í. I ndiaidh sin d'éirigh an dearbhráthair bocht saidhbhir agus an dearbhráthair saidhbhir bocht.

Rí na gcat
Bhí cailín beag I dteach uair amháin in a raibh cat mór. Oidhche amháin fuair an cat bainne agus d’fhág sé braon in a dhiadh agus d’ól an cailín an bainne agus bhí ríbe ann agus sheas sé na croidhe agus níor bhéidir lé aon doctúir leigheas a fhághail dí. Oidhche ina dhiadh sin bhí beirt bhuachaill ag imirt cartaí agus d’imir said an da súil as a céile an duine a bhuadhach phioc sé na súile as an duine eile. Bhí an duine a caill na súile ag imeacht leis go ndheacha sé isteach i mballa agus bhí sgata mór cat ag innseacht sgéalta agus dubairt rí nag cat “Inis sgéal a Shaibh “innis scéal a Mheadhbh “ Innis scéal thú féin a deir Meadhbh do thosuigh rí nag cat ar a scéal agus dubhairt tá blathanna deasa ag fás in ait aithride agus an duine a

(continues on next page)
Collector
Maighread Ní Confhail
Gender
female
Informant
Padraic Ó Conghaile
Gender
male
Address
Loughaconeera, Co. Galway
Language
Irish