School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loch Conaortha, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 029

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 029

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Page 029
  3. XML “Luach na Bó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí dearbhráthair saidhbhir agus dearbhráthair bocht ann aon uair amháin. Bhí neart le n-ithe agus le n-ól ag an dearbhráthair saidhbhir agus ní thiubhradh sé blas le n-ithe ná le n-ól don dearbhráthair bocht, nach raibh aige ach an t-aon bhó amháin.
    Lá aháin chuaidh sé ar an aonach leis an t-aon bhó sin a dhíol agus bia a cheannach ar a luach.
    Nuair a bhí sé ar an aonach chonaic sé beirt ghardaí ag tigheacht chuige agus fear idir iad.
    D'fhiafraigh sé díobh cén fáth go raibh sé aca agus dubhairt siad gur ghoid sé bó ó fhear eile agus go raibh siad gá chur san príosún.
    Go bhfóiridh Dia air arsa an fear bocht. Meas tú dá bhfaigheadh an fear ar tugadh uaidh an bhó, bó eile ina h-áit a mbeadh sé sasta. "Tá fhios agam go mbeadh", adeir duine de na gardaí. Thug an fear bocht seo a bhó féin ar son na bó a ghoid an fear eile uaidh.
    Bhí sé ag dul abhaile annsin agus lean an fear a ghoid an bhó é. "Cá bhfuil tú ag dul" arsa an dearbhráthair bocht.
    "Tá mé ag dul in éindigh leatsa mar is tú a leig saor mé". D'imthigh leo annsin agus lean an fear a ghoid an bhó é go dtainig siad abhaile go dtí teach an dearbhráthair bocht. Nuair a thainig siad isteach sheas an bhean agus d'fhiafruigh sí cén luach a bhí ar an mbó. Sé sin luach na bó arsa an fear ag taisbeaint an fhir eile di.
    "Ara tuige gur bin é luach na bó". D'inis siad an sgéal
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0505: Dead Man as Helper
    AT1536A: The Woman in the Chest
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Bhriain
    Gender
    Female
    Address
    Loch Conaortha, Co. Galway
    Informant
    Pádhraic Ó Briain
    Gender
    Male
    Address
    Loch Conaortha, Co. Galway