School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loch Conaortha, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 020

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 020

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Page 020
  3. XML “Mac Baintrí Chill Ghlasáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ghearr se an crann agus d'fhág sé ar iorball an iol-phéist é. Ghread sé leithe go dtáinic sí go dtí an rígh agus bhain an crann dá iorball agus dubhairt sé léithe imtheacht agus an madar ealla agus an giorán fhágháil agus imtheacht leithe agus an feara mharbhadh. D'imthigh an oilphéist agus fuair sí an giorán agus tharraing sí as an bpoll é, fuair sí an madar ealla agus sgaoil sí é. D'imthigh siad annsin agus nuair a chonnaic an fear ag tigheacht iad "Tá mé réidh anois mar a bhfuil seift agam". Ní raibh a fhios aige céard a dhéanfadh sé, ceard a rinne sé ach é féin agus an bhean thosuigh ag bualadh a chéile sa gcarr.
    Bhfuil fhios céard tá sé ag déanamh anois deir siad. Tá sé ag déanamh tom brocóg le mise a chuir ann. Ní ghabhadh níos fuide. Ní headh a deir an madar ealla ach ag déanamh súil ribe le mise a chuir ann. Ní ghabhadh mise níos fuide. Ní headh adeir an iol-phéist ach ta sé ag sgoiltuigheadh crainn le mo iorball a chuir ann. Ní ghabhadh mise níos fuide.
    D'imthigh leo abhaile agus d'éist siad leis.
    Mícheál Ó Maille.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0852: The Hero Forces the Princess to Say, “That is a Lie.”
    Language
    Irish
    Collector
    Míceál Ó Máille
    Gender
    Male
    Informant
    Pádraich Ó Fatharta
    Gender
    Male