School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Chonnaiceas" a deir an fear "ag mo mháthair féin i gCill Glasán. Bíonn féin agus é féin ag troid go minic. Bhí mé lá ag dul suas i gcrann agus bhris géagán faoi mo chois. Thuit mé anuas agus chuaigh mé go dtí mo dhá ghualainn síos sa talamh. Nuair a chonnaic an madar ealla mé rith sé chugam nó go marbhócaidh sé mé. Ní raibh aon bhlas le déanamh ach mo chloigeann a bhaint díom féin agus é a chur abhaile le scéala chuig mo mháthair. Nuair a chonnaic an madar ealla an cloigeann ag imtheacht agus an fhuil dhearg air lean sé é.
Nuair a chonnaic mise an madar ealla ag ritheacht i ndiaidh mo chloiginn d'éirigh mé agus rug mé ar ghéagánagus lean mé dó agus níl aon bhuille dá dtug mé dó nar chuir mé mac ríogh nó ridire siar thar a thóin.
"Thug tú h-éitheach, thug tú h-éitheach, thug tú h-éitheach" deir an rí. "Tá t-inghean agam a dhuine uasail. "Tá agus nár mairidh tú í".
Thug sé sean-chapall agus sean-charr dó lena bhean a thabhairt abhaile. Nuair a bhí sé imthighte tamall chuir sé giorrán ina dhiaidh agus d'iarr sé air an fear a mharbhadh. Nuair a chonnaic an fear ag tigheacht é, chauigh sé amach as an gcarr agus thosuigh sé ag caitheamh léim thar tom brocóg. Nuair a tháinig an giorrán chuige d'fhiafruigh sé dhe céard a bhí sé ag déanamh annsin. Tá mé ag(continues on next page)- Collector
- Míceál Ó Máille
- Gender
- Male
- Informant
- Pádraich Ó Fatharta
- Gender
- Male