School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé an faoilchú a leigheas sé lena thaobh. "Stop go beo. Is mise Rí na bhfaoilchnú agus níl orm ach fead a leigean orthu agus beidh siad annseo i gceann cuig nóiméad" agus bhí.
Do bhí an teach déanta san tráthnóna ag na faoilchú agus ag an mbuachaill, chuaigh seisean isteach go dtí a mháistir agus dubhairt sé go raibh an teach déanta aige. "Is tú an fear is iontach a bhfaca mé ariamh" deir a mháistir agus is fiú airgud thú".
Ar maidin lárna mhárach nuair a d'éirigh fear an tighe, dhúisigh sé an buachaill agus dubhairt sé leis go raibh cruach mhór millteach coirce thíos ins an iothlann agus go gcaithfidh sé a bheith i bhfus roimhe an oidhche nó go mbeadh an ceann le baint de. Thosuigh sé ag caoineadh agus chuaigh sé amach ar an gcnocán. "Stop go beo", deir an faoilcú agus an luch a bhí lena thaobh. "is mise Rí na Luch" deir an luch agus níl orm ach fead a leigean orthu agus beidh siad annseo i gceann cúig nóiméad" agus bhí. "Is mise Rí na bhFaoilcú agus níl orm ach fead a ligean orthu agus beidh siad anseo i gceann cúig nóiméad" agus bhí, annsin rinne siad an obair.
Do chuaidh sé isteach go dtí a mháistir agus d'innis sé dhó go raibh an obair déanta aige.
"Tá mise" deir an fear "ag fágháil bháis agus(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Chonghaile
- Gender
- Male
- Address
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Informant
- Mícheál Ó Chonghaile
- Gender
- Male
- Address
- Loch Conaortha, Co. Galway