School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tomás, is gearr ó fuair mé féin iad; bhí sé le Tomás go deo nó go dtug sé an gabhar agus pocaide dó ar an dá caora agus reithe do. Casadh fear eile do Thomás agus bhí dhá ghé agus gandal aige, bearfaidh mé an dá gé agus ganndal duit ar an dá caora agus reithe. ‘Ní thuibhraidh mé muise,’ a dubhairt Tomas mar is gearr ó fuair mé fein iad.’ Bhí an fear le Tomás go deo nó go dtug sé an dá caora agus reithe dó ar an dá gé agus ganndal.
D’imigh Tomás eis nó go casadh fear dó, a raibh dhá lacha agus bardal aige. ‘Béarfaidh mé an dhá lacha agus bardal duit ar an dá ghé agus gandal. ‘Ní thuibhraidh mé,’ a dubhairt Tomás. Is gearr ó fuair mé fein iad. Bóa bhí ar dtúd agam, agus seo iad atá anois agam. Bhí an fear le Tomas go deo nó go dtug sé an dá gé agus gandal dó ar an dá lacha agus bardal.
D’imigh Tomás leis nó go casadh fear eile dó a raibh dhá circ agus coileach aige, ‘béarfaidh mé an dá circ agus coileach duit ar an dha lacha agus bardal,’ bhí sé le Tomás go deo nó go sé an dá lacha agus bardal don fear ar an dhá circ agus coileach.
D’imigh Tomás leis go casadh fear dó a raibh tuath maol mantach aige. ‘Béarfaidh mé an tuath duit ar an dá circ agus coileach dó ar an tuath.
Bhí Tomás ag teacht abhaile leis an tuath. Bhí sé ag dul thar abhainn agus chaith sé an tuath ar an taobh eile den abhann, ach cé thit an tuath ach síos san abhann. Bhí Tomás chomh dona is a bhí ariamh ansin. Casadh tighéarna talmhan do Tomás agus d’fhiafraigh sé dó cé an fáth a raibh an tuath aige.
Dubhairt Tomás- ‘bhí bó agam ar dtús, agus thug mé an bó ar hábhar agus pocaide. Cá bhfuil an gabhar agus pocaide anois a dubhairt an tighearna talmhan. ‘Thug mé iad(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female