School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loch Conaortha, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 006

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 006

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Page 006
  3. XML “Boiligín agus an tSeanbhean”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí buacaill beag agus a máthair in a gcómhnaidhe i dteac leo féin fadó agus lá amháin tháinic sean bhean ag an doras agus dubhairt sí, “Im agus arán sa mála seo do boiligín.” Do chuala boiligín an glaodhac agus chuaidh sé amach. Bhreathnuigh sé síor sa mála agus nuair a fuair an chaitheach ag breathnuagadh síor sa mála é rug sí ar tóin air, is chaith sí síor sa mála é. Bhíodar ag siubhal leo agus boiligín sa mála nó go rabhadar ag dul thar choill. “Muise,” adeir boiligín “ní dheacha m’athair ná mo mhathair tar an gcoill seo ariamh gan slat a bhaint dhom” do leag an bhean boiligín ar an talamh agus chuaidh sí ag baint slaite agus nuair a fuair boiligín imthighthe í cuir sé cloca móra sa mála agus nuair a tháinic an tsean bhean chuaidh sí ag iompar, boiligín mar síl sí ach nuair a bhí gá iompur sgathamh bhí sí ag rád “Trom trom é boiligín” nuair a chuaidh sí abhaile ag an da cailleach eile. Chuaidh sí suas ar teach agus chuir sí béal an mála anuas sa simléar mar síl sí gur’ bé boiligín a bhí ann. Bhí pota nua crochta ar an teine agus sgaoil sí na cloca anuas ann agus briseadh an pota agus doghadh an tuisge bruighte an da cailleach eile. Lá ar na bhárach arís shocruigh an cailleach eile dul ar thuairsg boiligín agus ahaidh. Tháinic sí go dtí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0700: Tom Thumb
    AT1121: Ogre's Wife Burned in his Own Oven
    Language
    Irish
    Collector
    Colm Seoige
    Gender
    Male
    Address
    Loch Conaortha, Co. Galway
    Informant
    Brigid Ní Seoige
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Address
    Loch Conaortha, Co. Galway