School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loch Conaortha, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 003

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 003

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Page 003
  3. XML “Seán an tSléibhe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí dhá ceannuighe ann fadó agus sé an t-ainm a bhí ortha an Ceannuighe beag ruadh agus an Ceannuigh mór ruadh. Bhí fear eile ann agus sé an t-ainm a bhí air Seán an t-Sléibhe agus bhíodh an da ceannuighe ag dealál leis go minic. Bhí giorrán ag Seán agus ba mhaith leis é a dhíol. Lá amháin tháinich na ceannuighe cuige agus d'fhiafhruigh siad de a ndíolfeadh sé an giorrán dubhairt sé go ndiolfeadh.
    D'fhiafhruigh siad de cé méad a bheadh sé ag iarraidh
    ar an ngiorrán.
    "O! ní dhíolfann mó ghiorrán ar dhá chéad phunt adéir Seán, mar cuile uair a bhuailfeas tú buille de mhaide air tiubhraidh sé lth. chr. duit.
    D'imthigh na ceannuigthe annsan agus dubhairt siad go dtiocfadh siad arís agus go dtiubhraidh an t-airgead leó. Nuair a fuair Seán imthighthe iad thug sé ceiléar bran do'n chapall agus chuir sé trí phíosa lth. chr. tríd dó agus sluig sé iad leis an mbran.
    Is gearr ina dhiadh sin go dtáinich na ceannuighthe agus an t-airgead aca le haghaidh an giorrán a cheannacht.
    Tiubhraidh muid céad punt ar an ngiorrán adeir na ceannuigthe. Thugadar an céad punt do Sheán agus thugadar an giorrán leó. "Coinneóchaidh mise an giorrán anocht agus béidh mé saidhbhir ar maidin," dubhairt duine aca. Nuair a tháinich an oidhche chuir an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    AT1542: The Clever Boy
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Bhriain
    Gender
    Female
    Address
    Loch Conaortha, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Briain
    Gender
    Male