School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loch Conaortha, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 001a

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 001a

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Page 001a
  3. XML “Amadán Choilleach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí amadán i gCuilleach, baile atá bfuigseacht dhá mhíle de'n Líneán. Bhí fear ag imtheacht ag tógál cíosa agus bhí sé ag imtheacht nó go dtáinic sé go dtí Cuilleach san áit a raibh an amadáin agus chroc sé a cóta ar cúl an dorais agus chroc sé a hata a phionna a bhí san mballa. Leag sé a mhála airgid ar an mbord agus a chuidh leabhar. Bhí feasóg mhór fhada air síos go dtí na bhásta. Thosuigh na mioltógaibh luig ar a phlait agus thosuigh an t-amadán ag rith ar na mioltógaibh. D'éist an t-amadán le na mioltógaibh nó go raibh suas le scór aca ar a cheann. Fuair sé tuairigín agus bhuail sé an duine uasal agus mharbuigh sé é. Thug an mhathair agus an t-áthair leo an duine uasal agus chuireadhar é. Bhí an t-amadán ag faire orthaibh. Bhí fhíos aca go n'innseochaidh an t-amadán orthaibh, agus nuair a fuair siad an t-amadán in a chodhladh thógadar an duine uasal agus chuireadar gabhar in a áit. Nuair a b'fhada le na mhuinntir ag baile go raibh sé ag tigheacht, tháinich siad ar a thuairisg agus nuair a tháinic siad go dtí Cuilleach, chuaidh siad isteach i dtigh an amadain. Chonnaic an t-amadán ag teacht iad agus chuaidh sé, agus d'innis sé dhóibh gur mharbuigh sé féin an duine uasal. Thug sé leis iad go dtí an áit a cuireadh an duine uasal agus nochtuigh an t-amadán ceann de na h-adharcaibh. "A raibh adharc ar t-áthair a deir sé a dhuine uasail"?
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1600: The Fool as Murderer
    Language
    Irish
    Collector
    Peigi Ních Chadhain
    Gender
    Female
    Informant
    Máirtín Beag
    Other names
    Máirtín Beag (local name)
    Máirtín Ó Chúalain
    Gender
    Male
    Address
    Loch Conaortha, Co. Galway