School: Inis Niadh (roll number 11938)

Location:
Inishnee, Co. Galway
Teacher:
Caitlín Ní Thuathaigh

Filter stories

Back
/ 274 Forward
Resolution: Low | High
Pisreoga

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0007, Page 247

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tá go leór pisreóga ag na sean-daoine. Seo ar leanas cuid acu. Má feiceann fear sionnach ag é ag dul amach ag iascaireacht casann sé abaile agus ní theigheann sé ag iascaireacht an lá sin. Má labhartar ar choiníní nó ar girrfiadha i mbád cuireann sin an t-iascaire ar buille. Má feiceann iasgaire bean agus ceann ruadh uirthi ní rachaidh sé ag iasgaireacht an lá sin. Má thagann duine isteach i dteach agus maistreadh dhá dheanamh má bhíonn sé ag iarraidh rud ar bith ní gheobhainn sé é go mbíonn an maistreadh déanta. Deirtear nach ceart uisge a chaitheadh amach go mbíonn an maistreadh deanta.

Collector
Máiréad Ní Fhathartaigh
Gender
female
Address
Inishnee, Co. Galway
Informant
Tomás Ó Fathartaigh
Gender
male
Age
68
Address
Inishnee, Co. Galway
Language
Irish