School: Doire Mór Iata (roll number 16599)

Location:
Derryvoreada, Co. Galway
Teacher:
Hannraoi Ó Coinnigh

Filter stories

Back
/ 199 Forward
Resolution: Low | High
An Leipreachán

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0007, Page 198

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

An Leipreachán

Is sé an sórt rud é an leipreacán na fearín beag é agus tá sé dhá chois chama faoi agus tá súile mór dubha ann agus tá cluasa fada ar. Bíonn sé ag deasúghadh bróga agus is é an sort casúr atá aige tá cluasa fada air.
Deirtear nach mbíonn sé in aon áit acht an áit an uaigneach ins na cnocaibh nó i ngleann uaigneach. Fadó ariamh bhíodh na daoine ag tóruigheacht an leipreácan ach ní bhfuaireadar é. Bhíodar ag ceapadh go ngeobfadís an proca óir a bhí aige.
ní fhaca aon duine riamh an leipreacán mara bfaca na daoine fadó é. Bíonn porca óir ar iomchar aige agus gach uile áit a mbionn sé bíonn an proc óir aige. Bhí fear ann fadó agus bhí sé lé dul chuig aonach agus b’as “Leirit Sean bhaile” é. bhí sliabh agus muingíní le dul thríd aige. D’éirigh sé ag a dó dhéag a chlog san oídhche agus bhí sé lé dul chuig aonac a bhí ann. Uactar ard agus chuaidh sé thart ag breathnúghadh ar an spéir ag ceapadh go raibh sé in am aige a bheith ag imtheacht chuig an aonach.
Ghleas sé a chapall bán agus chuir an díallaid uirrthí agus thug a aghaidh ar an aonach. Níor raibh sé ibhfad imthighche nó gur chuala sé ceól i bfogus dó ag dhearc sé thart agus céard a dfeicfeadh se acht leipreachán agus ualach bróg aige do na sídheoghai agus é lé taobh an fhear

(continues on next page)
Informant
Pádraic Seóige Pádraic
Gender
male
Address
Tawnaghmore, Co. Galway
Language
Irish