School: Doire Mór Iata (roll number 16599)

Location:
Doire Bhó Riada, Co. Galway
Teacher:
Hannraoi Ó Coinnigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0007, Page 186

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0007, Page 186

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Mór Iata
  2. XML Page 186
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean agus triúr mac ann fadó an mac ba sine aca dúbhairt sé go ngabhfadh sé ag saothrughadh a bheatha. Dúbhairt an mac leis an tsean bhean cáca beag agus cáca mór a dheanadh.
    Rinne sí an cáca beag agus an cáca mór dhó agus nuair a bhíodar bácailte d'fiarrfuigh sí de cé aca de na cácai a thógfadh sé. Dubhairt sé go dtógfadh sé an cáca mór agus a mhallacht. Thóg sé an cáca mór agus cuir sé i-na mhála é agus bhí a mháthair ag caitheadh mallachtaí ar nó gur imthigh sé as a amharc. Dimthigh sé leis go dtáinig sé go tobar agus shuidhe sé síos thosuigh sé ag ithe an cáca. Tháinig easogín amach chuige agus d'fiarr sí píosa den cháca ar . Dúbhairt sé leí go raibh sé sáthach gann aige fein. Nuair a chonnaic sí é sin léím sí isteach san uisge agus shaluigh sí an t-uisge. Dimthigh an buachaill leis go dtáinig sé go dtí teach. Ní raibh aon duine istigh san teach acht bhí pota crochta ós cionn na teineadh agus é lán de fheóil. Ní raibh an buachaill í bhfad istigh nó go dtáinig bean isteach agus dubhairt sí leis an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Seoige Padraich
    Gender
    Male
    Address
    Doire Bhéal an Mháma, Co. Galway