School: Doire Mór Iata (roll number 16599)

Location:
Doire Bhó Riada, Co. Galway
Teacher:
Hannraoi Ó Coinnigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0007, Page 174

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0007, Page 174

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Mór Iata
  2. XML Page 174
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Uair amháin do bhí fear ag dúl í gcoinne móna (?) agus chonnaich sé fearín beag agus an ualach ar a dhruim. D'fiarraidh an fear dé a raibh sé tuirseach agus dubhairt an fearín beag leis nach raibh.
    Dubhairt an fear leis go iomcrochaidhe sé an pota dhó agus an mhéid uile abhí san bpota acht dubhairt an fearín leis nach dtuibharach mar go raibh ór san bpota agus go gcoinneochaidhe sé é. D'imthigh an fearín beagh leis annsin no go dthainigh sé go bun garrdha agus do bhí crann mór annsin agus do bhí poll mór doimhin i mbún an chrann agus do leig an fearín an pota ór síos ann. Ba é an t-ainm a bhí ar an áit an crann mór. Do chuaigh an fearín beag treasna an chnuich annsin agus ní fhacha an fear é ní ba mhó. Do chuaigh an fear annsin comh fada leis an gcruach mhóna agus do thugh sé a mála móna leis. Do chuaidh an pota óir thar cuimhne ar an bhfear. Ba gearr annsin go raibh sé an ám na fataí a bhainth agus do bhí garrdha ag an bhfear seo in aice leis an crann mhór agus do bhí fataí curtha aige ann agus oidhche amháin bhí poll mór fataí le clúdhadh aige agus do chuaidh sé amach ag bainth scrath le n'ais an crann mór bhí an áit glas thart ar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Informant
    Padraich Seóige Sheáin
    Gender
    Male
    Address
    Doire Bhéal an Mháma, Co. Galway