School: Doire Mór Iata (roll number 16599)

Location:
Derryvoreada, Co. Galway
Teacher:
Hannraoi Ó Coinnigh

Filter stories

Back
/ 199 Forward
Resolution: Low | High
Diarmaid na Casóige

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0007, Page 158

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Chuala mé an sairgent dhá léigheamh as an paipéar,
Go mbéadh margadh mór agacha feasta
Ach go n-osglochadh an pána atá istigh i gCall i sáile,
Atá déanta suas ann le fada.

Bhí grifid is bhí seól ann agus lai fada sa t-seol ann,
Agus bhí sgian fada géar le na gearradh,
Ach an té a goid mo casóg a bhí tar eis tigheacht ón tailliuir,
Go gcaillfeadh sé an meabhair mar is tapaidh
Eireochadh mé i bhárach ar tuairisg mo casóige
Innsóchadh mé Gaillimh agus sa Camus,
Síos ar Uachtar Árd agus Droicead a' Cláirín,
Agus tógadh mé lóisdín san gCarraig.
Go Gleanntaibh Mhic Dochaill, go Béal Átha na Sluagh,
Go tobairín Domhnaigh agus go Balla,
Agus dheamhan pighean de mo coróin gheal o ceannóchadh mo
Nuair a bhí mise i mBéal Átha an Fhada.
Ó ghoid sí mo casóg a bhí tar éis tigheacht on tailliuir
A bhí déanta go dúthrachtach cneasta,

(continues on next page)
Collector
Brigid Seoige Seaca
Gender
female
Address
Illion West, Co. Galway
Language
Irish