School: Doire Mór Iata (roll number 16599)

Location:
Derryvoreada, Co. Galway
Teacher:
Hannraoi Ó Coinnigh

Filter stories

Back
/ 199 Forward
Resolution: Low | High
Oíche na Gaoithe Móire

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0007, Page 153

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Is fada ó bhí oidhche na gaoithe móire againn acht béidh cuimhne air go bráth i nÉireann ar an ropadh agus an réabadh a rinne sé. Níor fág sé teach ar bith in a sheasamh, leag sé chuile cheann acú. Briseadh crainnte agus leagadh claidheacha mór thimcheall na bailte. Bhíodh na daoine ag ceapadh nach mbéadh ann acht sórt stoirm a thagfadh go minic acht ní hé an cainnt a bhí acu faoi ceann dhá uair. Bhíodh na daoine dul ag craitheadh uisge beannuighthe agus ag rádh an paidrín páirteach. Béidh cuimhne grinn ag na daoine ar an oidhche sin mar bhí an oidhche ba mheasa a tháinig ariamh nó a thiocfas go bráth. Marbhuigheadh daoine agus beithidhigh agus caoirigh agus chuile sórt ainmhidhe atá ar an saoghal seo. Leagadh cocaí féir agus cruacaí coirce agus cruacaí móna agus scuabadh isteach ins na locanna agus ins na h-aibhneacha iad. Na bpoll fataí a bhíodh acu cuireadh ar fud na cnochán agus bruachanna agus níl fhios cá ndeacha a leath acu. Ar maidin ní raibh teach ar bith le feiceáil nó claidhe acht chuile rud scuabtha leis an ngaoth. Ní raibh fhios aige na daoine cá raibh a gcuid móna nó coirce nó a gcuid féir agus b'fhéidir go raibh cor duine ag tógbháilt coirce agus féir le fear éigin eile b'éidir seacht míle ón áit. Bhí na daoine an-bocht acht chríochnuigh an oidhche sin ar fad iad. Marbhuigheadh a leath de daoine. Aniar as bhfairrge thiar a bhí an ghaoth ag teacht agus ag cur an t-uisge isteach in aghaidh na talmhan

(continues on next page)
Informant
Tomás Seóige Thomáis
Gender
male
Address
Illion West, Co. Galway
Language
Irish