School: Doire Mór Iata (roll number 16599)

Location:
Doire Bhó Riada, Co. Galway
Teacher:
Hannraoi Ó Coinnigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0007, Page 146

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0007, Page 146

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Mór Iata
  2. XML Page 146
  3. XML “Mo Cheantar Féin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ar na sléibhte. Tagann cuid eile ag iasgaracht ar na lochanna sa samhradh. Tá mise im cómhnuidhe in iarrthair Connamara. Paróiste Cloch na Rón é an paróiste seo. Na sean daoine a bhíodh fada ann bíodh go leór sean amhrán acú agus sgéalta. B'aoibhin a bheith ag éisteacht leo. Seo cuid de na daoine a bhíodh tar-cionn. Mártán bhalas agus Pheadar bairbre agus Máire Cadhan agus ba Seoighaí iad uilig. Chuile uair a mbéadh bainfheis (?) i dteach éigin bhíodh na sean daoine ann agus iad ag casadh amhrán agus ag innseacht sgéalta agus ag damhsú. Tá cúpla teach ins an áit seo acht níl aoinne in a comhnuidhe i gcuid acu agus tá cuid acu leagtha le fada.
    Téigheann cuid den na daoine thar sáille ón áit seo go Sasana agus go h-Albain freisin. Tá cuid den talamh báithte agus cuid eile de tirim. Tá go leór locha ins an áit seo acht Loch Lidhne an loc is leathne agus is fuide. Tá Loch Leirneach suidhte idir Doire Bhó Riada agus Leirneach, agus tá Loch Ruadh i n-Uilleann Thiar. Tá píosa talamh idir Loch Leirneach agus Loch Ruadh agus tugtar idir dá loch air an bpíosa sin.
    Tá Binn Reamar suidhte i n-Uilleann Thiar agus tá sgalp mór ann a dtugtar sgailp na gcolm. Sé an fáth a tugadh sgailp na gcolm air bhí fear ann fadó ag toruigheacht caoire agus breannaigh sé síos ann agus sgior a chosa uaidh agus thuit sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Sraith Salach, Co. Galway
    Informant
    Mairtín Seóige Seáin
    Gender
    Male
    Address
    Doire Bhéal an Mháma, Co. Galway