School: Doire Mór Iata (roll number 16599)

Location:
Doire Bhó Riada, Co. Galway
Teacher:
Hannraoi Ó Coinnigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0007, Page 136

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0007, Page 136

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Mór Iata
  2. XML Page 136
  3. XML “Toibreacha Beannaithe na hÁite”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá cúpla tobair ins an áit seo. Tá tobar beannuighthe í Máimín agus teigeann go leor daoine ann acht ní teigeann an oiread ann anois as a theigeadh ann fadó. Tá uisge coisrighthe le fágháil ins an tobar agus tugann na daoine cuid de leobh í mbuidéal. Tá Máimín suidhte idir Doire Béil a' Mama agus Uilleann Thoir. Tá bóthrín fada ag dul suas go Máimín agus ceapann na daoine go bhfuil sé í bhfad níos fuide ná mar a tá sé. Tagann na daoine í bhfad ó bhaille chuig Máimín cun turas a thabhairt. Sé an caoí a ndéantar an turas baineann na daoine a mbrógaí. Doibh sud a dtosuigheann síad agus teigeann siad ar a nglúnaibh agus abrann siad cupla paidir agus seo iad na paidreachaí a deireann siad. "Ár n-Athair" agus "Sé do beata Muire" agus togann siad seact gcloch agus teigeann siad thart ar carnan mor cloch atá í Máimín agus chuile uair caitheann siad cloch isteach sa gcarnán. Annsin teigeann síad go dtí an tobar agus déanann síad an rud céadhna agus annsin teigeann siad go dtí an leabaidh agus teigheann siad isteach sa leabaidh agus teigheann siad tart trí h-uaire agus fagann siad cloch agus briseann siad cuid d'en leabaidh agus tugann síad cuid d'en na clocaí abhaile leobh. Leigheasadh fear fadó í Máimín bhí sé dall ó rugadh é agus d'fhan sé oidhche amháin í Máimín agus chuimil sé an t-uisge atá ins an tobair dhé súillí agus nuair d'oscail sé a súilí. Bhí amharc maith aige.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Maigread Seóige Thomáis
    Gender
    Female
    Address
    An Uillinn Thiar, Co. Galway