School: Doire Mór Iata (roll number 16599)

Location:
Derryvoreada, Co. Galway
Teacher:
Hannraoi Ó Coinnigh

Filter stories

Back
/ 199 Forward
Resolution: Low | High
Doire Mór Iata | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0007, Page 128

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

O leagadh suas chugam bór fuar is alainn is bhí,
An cuilfhionn spéir-geal le m-ais ina suidhe,
Is dubhairt sí Rafteirí bí ag ól is céad míle fáilte
Is gabhfaidh mé amáireach go baile Uí Liagh

fuair mé an t-amhrán seo o
Maighread Seoige Thomais,
Uilleann Thiar
Sráth Salach
Co na Gaillimhe.

"Mo Raicín Aluinn"
O sin é siar an bothar é, is mó ráca na póca thíos
Sin é aniar arís é gan náire ná sgáth faoi
Ach tiocfaidh sé annseo amáireach is glachfhaidh pearlaí faoi,
Socruigh cathaoir árd dó go hárd i mbárr an tighe.

II
O tá an ghruaig seo ag imtheacht na duala dhom is fuadach leis an ngaoith
Gheall mo stóirí ráca dom a cosain giní buidhe,
O bfearr liom mo raicín féin
O nár cosain sé acht dhá phingin.
III "Nóra deas Ní Laoi."
Bhí mé lá breágh fóghmhair ag dul an roid seo siar,
Casadh cailín deas óg dom, is í ag bleaghan na mbó cois claidhe,
O sé mo léan gan tú, is tú pósta liomi
Is tú Nóra deas Ní Laighe.

(continues on next page)
Informant
Maighread Ní Chadhain
Gender
female
Address
Derryvoreada, Co. Galway
Language
Irish