School: Doire Mór Iata (roll number 16599)

Location:
Derryvoreada, Co. Galway
Teacher:
Hannraoi Ó Coinnigh

Filter stories

Back
/ 199 Forward
Resolution: Low | High
An Drochshaol sa Cheantar

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0007, Page 108

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tá sé timceall cead bliadhain agus bhí an gorta mór í nÉireann
Ní raibh tada le níthe ag na daoine agus bhí siad ag fágháil
bháis leis an ocras agus an tart. Bhí siad ag marbú coíniní
agus bhí an oiread sin ocras ortha is nach raibh ám acú íad
a bruith d’iosfhadh síad fuar iad. Ní mórán bíd bíodh acú acht
fataí a chuirfidis agus oidhce amháin tháinig stoirm mór agus
scuabadh iad ar fud na cnuic agus tháinig an duibheachán ortha
freisin. Bhí beirt dearbhráthár ann san uair sin agus tá fhios gur
cailleadh duine acú agus gur iomchar an dearbhráthár eile
go dtí an uaigh é. Ní raibh aon conra ann an uair sin agus
fuair síad cúpla malaí agus chuir siad ualach sgrathacha ionnta
chuir an duine caillte istigh idir an málaí agus rinne an
dearbhráthár eile a uaigh féin mar bhí sé cinnte go mbéadh sé
féin caillte í gceann seachtmhaine leis an ocras. Bíodh na daoine
ag ithe fear agus coirce. An sórt solas a bíodh acú ruinne duisidhe
mar ní raibh aon coinneál le fagháil no cabhair uair
bionn fiodog agus rúinne súithche cuimilte dhe. Bíodh leacaibh
móra mar siodheachán acú agus codlaidis ar clocha nó ar
gabail féir. Mhillfaidís coirce idir dhá leach agus déanfhidís
cáca den coirce. Ní raibh aon moín le teine a dhéanamh.
bíodh síad ag tirmughadh puiteach agus sgratacha beaga cun teine
a deanamh bídís ag ithe leathar agus craicne beithidhigh. Bhíodh na
daoine ann bocht ar fad bíodh síad ag fághail brúran mine
buidhe mar ní raibh aon plúr lé fághul bhídís ag leanamhuint
coiníní agus giarrfiadh agus dhá gcur isteach í scailp

(continues on next page)
Informant
Tomás Seoige Thomáis
Gender
male
Address
Illion West, Co. Galway
Language
Irish