School: Cloch na Rón (C) (roll number 15389)

Location:
Roundstone, Co. Galway
Teacher:
Máire, Bean Uí Chuinn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0006, Page 194

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0006, Page 194

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cloch na Rón (C)
  2. XML Page 194
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Uair amháin bhí flaith in a chómhnuidhe i nGaillimh agus bhí cómhnuidhe aige i Caisleán mór. Bhí sé ana flaitheamhail amach is amach agus lá amháin chuir sé fios ar daoine teacht cuig dinnéar. Bhí sagart 'na measg agus sul a n-imthigh sé thug sé a Crois agus a leabhair urnaighthe leis.
    Thar éis an deinnéir thosuigheadar ag imirt cartaí agus erl. agus d'airigh an sagart go raibh rud eicínt faoí an flaith ach ní dhubhairt sé tada. Ar feadh an tráthnóna nuair a bhí na daoine ar tí imeacht dubhairt an flaith go raibh rud eicínt le rádh aige leo. Annsin chuaidh na daoine isteach i halla mór agus dubhairt an flaith leó dul ar a nglúnaibh agus é áireadh. Chuaidh na daoine ar a nglúnaibh ach amháin an sagart agus d'fhan sé é féin i n a shéasam. Thosuigh an flaith ag féachaint ar na daoine, a gcloigeann crómta agus ag tabhairt áireadh dó, ach nuair a tháinic sé go dtí an sagart ní bfaca sé ach Crois mór. Leag sé srian as, agus nuair d'fhéach na daoine suas ní flaith a chonnaic siad ach meall teine.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Íde Ní Chuimín
    Gender
    Female
    Address
    Roundstone, Co. Galway
    Informant
    Nóra Ní Ceannadubháin
    Gender
    Female
    Age
    84
    Address
    An Aird Mhóir, Co. Galway