School: Cloch na Rón (C) (roll number 15389)

Location:
Roundstone, Co. Galway
Teacher:
Máire, Bean Uí Chuinn

Filter stories

Back
/ 194 Forward
Resolution: Low | High
Cloch na Rón (C) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0006, Page 186

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

crith le h-eagla agus dubhairt sé go mbeadh faithíos air. Annsin d iarr an athair ar dara mhac ach fuair sé an freagar a fuiar sé ón céad mac. Annsin d'iarr sé ar an triomhadh mac fanamhaint in aice uaigh a mháthar, dubhairt an buachaill go raibh sé sásta dul agus fóghnain a thabairt ar an uaigh. Vuireadh an máthair an lá in diaidh sin agus an oidhche sin thug an buachaill a aghaidh ar an roilig agus claidhme fada aige.
Bí an oidhche ana cuín agus bí réalta geala ag soillsúi ins an spéir, agus ní raibh aon rud ag briseadh isteach ar cúinis na hoidhche ach glór bog na dtonn ag briseadh anuas ar an dtráig. Bí an buachaill boct ag crith le heagla nuair a chonnaic sé uaigh a mháthar ag sollsúi leis an solas ón nghealaigh shuibhal sé isteach sa roiligh agus shuid sé séios taobh istigh den ngeata agus an claidhmhe tarrainghthe aige. Bí sé in a shuidhe annsin ar feadh tamaill agus anois is airís bhialadh a chroidhe le scannradh nuair a chloisfeadh scread éin nó aon torann bheag eile. san meadhan oidhche cuala an buachaill torann mór ins an loc taobh thíos de agus thar éis tamall chonnaic sé eascan mór fada ag sleamhnú isteach an geata tharraing sé an claidhmhe agus gearr sé an ceann den eascan ach thuit sé a scian amach agus gearr sé a ordóg uaidh. Rá sé abhaile annsin agus d'innis sé an scéal do a

(continues on next page)
Collector
Íde Ní Chuimín
Gender
female
Informant
Seán Ó Mháille
Gender
male
Age
87
Address
Ballinafad, Co. Galway
Language
Irish